St. Mary's Primary School

(Dungarvan)

Seachtain na Gaeilge

Updated: 1st Apr 2019

Bhí seachtain na gaeilge ar siúl againne i Naomh Muire an tseachtain seo caite. Thug na ceoilteoirí den scoth Ríoghnach agus Fionn Timmins cuairt do na páistí dé Luain seo caite.

Bhíodar ag seinm a lán uirlisí mar shampla an fhidil, an maindilín, an bainseó, an cláirseach agus an fheadóg stáin. Sheinneadar alán polcaí. Bhain na páistí taitneamh agus toramh as an sartaispeántas.

Na Ceoilteoirí

Bhí cluichí gaeilge agus cluichí mata ar siúl in sna ranganna. Ag an gCéadaoin bhí tráth na gceist ag rang a trí go dtí rang a sé. Chuir Máistir ó Corraoin na ceisteanna i láthair agus bhí spraoi, spórt agus craic ag na páistí.

Dé hAoine, bhí an siamsa bríomhar agus spleodrach againn. Bhí an-chuid cleachtadh déanta ag na páistí agus thaitin na taispeántais go mór le gach duine i láthair.

 

 

Bronnadh morán duaiseanna do na páistí Dé hAoine. Bhí duaiseanna ann le haghaidh gaeilgeoir na seachtaine. Chomh maith le sin bhí comórtas ealaíne againn i ngach rang sa scoil. Bhí caighdéan ard le feiscint.

St Mary’s Primary School,
Youghal Rd, Dungarvan,
Co. Waterford

Privacy Statement