Bhí seachtain na Gaeilge againn an tseachtain seo caite. Bhí an-chuid eachtraí ar siúl i rith na seachtaine. Mar a deir an seanfhocal ‘ Tús maith leath na hoibre’. Thosaíomar De Luain le ceoltóirí den Scoth Caoimhe, Ríoghnach agus Fionn Timmins ó Chomeragh Comhaltas. Bhí roinnt maith uirlisí ag na ceoltóirí, rinneadar cur síos ar an gcláirseach , an bainseó , an maindilín , an fhidil agus an fheadóg stáin. Sheinneadar alán polcaí, ríleanna agus poirt . Bhain na páistí taitneamh agus toramh as an sárthaispeántas.
Spreag na ceoltóirí na páistí agus bhíodar ag iarraidh cúpla focal a rá i rith na seachtaine. Bhí cluichí gaeilge agus cluichí mata ar siúl in sna ranganna. Ag an Déardaoin bhí tráth na gceist ag rang a trí go dtí rang a sé. Chuir Ms Dwane na ceisteanna i láthair agus bhí spraoi, spórt agus craic ag na páistí.
Dé hAoine, bhí an siamsa bríomhar agus spleodrach. Bhí an-chuid cleachtadh déanta ag na páistí agus thaitin na taispeántais go mór le gach duine i láthair.
Bronnadh morán duaiseanna do na páistí Dé hAoine. Bhí duaiseanna ann le haghaidh gaeilgeoir na seachtaine. Chomh maith le sin bhí comórtas ealaíne againn i ngach rang sa scoil, an téama a bhí ann ná ‘An Aimsir’. Tá comhghairgeas tuillte acu ar fad.