St. Mary's Primary School

(Dungarvan)

Seachtain na Gaeilge 2020

Updated: 24th Mar 2020

Bhí seachtain na gaeilge ar siúl againne i Naomh Muire an tseachtain seo caite.

Thug na ceoilteoirí den scoth Ríoghnach, Méin agus Eve cuairt do na páistí dé Luain seo caite. Bhíodar ag seinm a lán uirlisí mar shampla an fhidil, an maindilín, an bainseó, an cláirseach agus an fheadóg stáin. Sheinneadar alán polcaí Bhain na páistí taitneamh agus toramh as an sartaispeántas.

Bhí cluichí gaeilge agus Biongó ar siúl in sna ranganna. Léigh Ms Wall an Scéal, An tusa Mo Mhamaí? do na Naoínáin Shóisearacha agus shinsearacha. Ag an gCéadaoin bhí tráth na gceist ag rang a cúig agus rang a sé. Chuir Ms Wall na ceisteanna i láthair agus bhí spraoi, spórt agus craic ag na páistí. Chuaigh roinnt maith do na scoláirí go dti an phictiúrlann i rith na seachtaine, d’fhéachadar ar an scannán SpongebBob: Spúinse as Uisce. Bhain na páistí an-sult as an scannán. Rinne na daltaí an iarracht gaeilge a labhairt le linn na seachtaine agus bhí caighdéan ard le cloisteáil . Ar an drochuair dúinn, níor chríochnaíomar an tseachtain mar tháinig an víreas covit 19. D’eagraigh Ms Wall agus Máistir O Corraoin Seachtain na Gaeilge agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo.

St Mary’s Primary School,
Youghal Rd, Dungarvan,
Co. Waterford

Privacy Statement